Sos cogaidh idir Boko Haram, rialtas na Nigéire?

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir rialtas na Nigéire go bhfuil siad féin is an grúpa paraimíleatach Boko Haram i ndiaidh sos cogaidh a aontú. Dar leo go raibh cainteanna idir an dá thaobh ag dul le tamall maith agus go bhfuil comhaontú anois ar shos cogaidh. Mar chuid den sos cogaidh, deir siad, ligfear saor an 200+ cailín scoile ar fhuadaigh Boko Haram sé mhí ó shin. Tá tuairisc ann go bhfuil an rialtas chun cimí Boko Haram a shaoradh ó phríosún mar chuid den chomhaontú.  In ainneoin dearbhú an rialtais níl aon rud ráite go fóill ag urlabhraí le Boko Haram.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive