Sléacht laethúil na Siria

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Táthar ag tuairisciú gur maraíodh ochtar déag, páiste déag san áireamh, nuair a phléasc buamadóirí féinmharfacha buamaí i mbailte in Siria ar maidin. Tharla na pléascáin in Jibrin agus Al-Humeiri áit ar den phobal Alawite bunús na ndaoine. Is den phobal Alawaite é Bashar al Assad. Chuir an rialtas in iúl gur seo ionsaí de shraith d’ionsaithe marfacha a rinne buamadóirí féinmharfacha in Homs agus sna bailte thart timpeall air. Inné tuairiscíodh gur maraíodh triúr is tríochta nuair a thit buamaí bairille i margadh i gcathair Aleppo. Bíonn arm na Siria ag úsáid buamaí bairille ar bhonn rialta.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-08-22 15:48:57

Admin/login Comments RSS

ILBF