Sléacht i gCalgary Cheanada

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Baineadh siar de phobal Cheanada ar maidin nuair a tháinig an scéal go raibh fear i ndiaidh cúigear duine a mharú le scian ag cóisir i gCalgary go luath ar maidin. Tugadh Matthew Douglas de Grood (22), a chéimnigh ón Ollscoil ar na mallaibh os comhair cúirte inniu agus é curtha ina leith gur dhúnmharaigh sé cúigear, ceathrar fear agus bean, iad uilig idir 22-27 bliain d’aois, sa chathair aréir. Bhí thart faoi 20 duine ag an chóisir, mic léinn is iarmhic léinn is mó, agus tuairiscítear gur thosaigh sé ag ionsaí daoine, duine i ndiaidh an duine, le scian agus d’éalaigh leis. Ghabh na péas é 40 bomaite i ndiaidh na heachtra. Dar leo gur seo an sléacht is measa a tharla riamh sa chathair agus nach bhfuil aon leid faighte acu ón amhrasán go dtí seo faoi cad chuige a rinne sé an t-ionsaí ar dhaoine.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-28 16:56:17

Admin/login Comments RSS

ILBF