Sléacht eile sa Nigéir – Boko Haram á lua leis

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Maraíodh na dosaein de dhaoine nuair a phléasc leoraí a raibh buama ann ag margadh sráide in Maiduguri, cathair in oirthuaisceart na Nigéire a bhíonn faoi ionsaí rialta ag an ghrúpa Boko Haram. De réir céad tuairiscithe gur maraíodh níos mó ná scór duine, seanmhná a dhíolann cnónna ag an mhargadh go leor acu, agus gortaíodh na scórtha eile, roinnt acu go fíordhona. Tá dréim leis go méadóidh líon na marbh ar ball. Níl sé ach seachtain ó mharaigh buamaí de chuid Boko Haram na scórtha duine in ionsaithe in Abuja agus i mBauchi.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive