Sléacht ar mhná i mBagdad

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Mharaigh gunnadóirí gan aithint 25 bean i ruathar ar dhá theach i mBagdad anocht. Gortaíodh ochtar ban eile. Creidtear go raibh na gunnadóirí ag úsáid gunnaí le múchtóir fuaime ann. Maíodh gur fhág na gunnadóirí nóta ag cur in iúl gur ‘seo an críoch is dual do gach striapach.’ Ní léir go fóill an raibh an dá theach in úsáid mar thithe striapaigh. Tharla ionsaithe mar seo ar mhná i gceantair Shiite i mBagdad dá uair cheana féin i mbliana agus meastar go bhfuil baint ag mílistigh leis na hionsaithe seo. Tá forneart ag treisiú i rith an ama i mBagdad agus fud na hIaráice. Inniu chuir an grúpa Human Rights Watch in iúl gur mharaigh na fórsaí slándála 255 cime dá gcuid agus iad ag teitheadh roimh ionsaí ISIS an mhí seo caite.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 12:10:26

Admin/login Comments RSS

ILBF