Sléacht an Mavi Marmara, Iosrael chun cúiteamh a íoc?

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá an nuachtán Iosraelach Haaretz ag tuairisciú go bhfuil Iosrael i ndiaidh cúiteamh ar luach $20m  a thairscint don Tuirc as marú naonúr dá saoránach nuair a d’ionsaigh muirshaighdiúirí Iosrael an long Mavi Marmara i bhfarraigí idirnáisiúnta in 2010. Dúirt Iosrael tamall ó shin nach n-íocfaí airgead cúitimh mar nach ndearna a gcuid mairneálach aon rud mícheart.

Ach tá siad buartha faoi na himpleachtaí dlí a bheidh ann má leanann an Tuirc le cás i gcúirt idirnáisiúnta i gcoinne Iosrael.

Dar le foinsí Haaretz go bhfuil Iosrael ag iarraidh pacáiste a aontú a chuirfeadh deireadh le cás cúirte i gcoinne a mairneálaigh. Tá na cainteanna idir an dá thaobh ar siúil le roinnt blianta ach thit an tóin astu anuraidh. Ansin i mbéal na Nollag thosaigh siad arís eile. Meastar anois nach mbeidh comhaontú ann roimh dheireadh Mhárta, am a mbeidh toghcháin sa Tuirc.

 

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-20 17:33:37

Admin/login Comments RSS

ILBF