SI caithréimeach i ndiaidh dóibh aerionad a ghabháil ó arm na Siria

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

I ndiaidh trodaíocht a mhair seachtainí tá trodairí de chuid an Stáit Ioslamaigh i ndiaidh a ghabháil aerionad de chuid arm na Siria in al Tabaq, in oirthuaisceart na Siria. Meastar gur cailleadh suas go 400 trodaire agus tuairim is 170 saighdiúir sna cathanna. Ba é seo an bunáit deiridh a bhí ag arm na Siria sa chuid seo den Siria agus bhí an SI ar bís lena ghabháil nó éascaíonn sé dóibh anois a dtrodairí a bhogadh thar teorainn. Tá Tabaq i gCúige Raqqa, an áit is láidre lucht SI san Siria. Ghabh trodairí SI dá bhunáit eile de chuid arm na Siria sa Chúige le tamall beag anuas agus le harmlón a thóg siad ó arm na hÍaráice tá siad ina bhagairt i bhfad níos mó anois do saighdiúirí na Siria. Thóg siad go leor armlón nuair a ghabh siad an bunáit ag al Tabaq, diúracáin fritheitleáin san áireamh, cé nach bhfuil sé soiléir cé acu go bhfuil na diúracáin seo inoibrithe. Tógfaidh an bua seo, beag beann ar an líon trodairí dá gcuid a maraíodh, tógfaidh sé misneach SI nó tá cuid den dlús a bhí faoina mórionsaí san Iaráic laghdaithe cionn is Meiriceá a bheith ag ionsaí a dtrodairí ón aer ar bhonn rialta.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-19 04:36:29

Admin/login Comments RSS

ILBF