‘Shábháil an comhaontú leis an Rúis an Ucráin’ -Yanukovych

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir Príomh Aire na hUcráine, Viktor Yanukovych, go ndéanfaidh an comhaontú leis an Rúis atá an Ucráin i ndiaidh síniú go ndéanfaidh sé an tír a shábháil. Dúirt sé go raibh na srianta a chuirfeadh an IMF i bhfeidhm dá ndéanfadh an Ucráin comhaontú a shíniú leis an Aontas Eorpach dochar millteanach don tír. Inné shínigh rialtas na hUcráine comhaontú leis an Rúis. Ceannóidh an Rúis bannaí ar luach $15 billiún ón Ucráin agus ghearr siad 40% ar phraghas an gháis a cheannaíonn an Ucráin ón Rúis. Dar leis an Phríomh Aire Yanukovych go gcuideoidh seo leis an tír a chur ar ais ar a bhonnaí ó thaobh na heacnamaíochta de. Deir lucht a cháinte gur údar suntais nach bhfuil sé i ndiaidh tabhairt le fios cad iad na coinníollacha atá curtha i bhfeidhm ar an Ucráin mar chuid den chomhaontú seo. Deir an fhreasúra agus iad siúd atá i mbun léirsithe ar na sráideanna le beagnach mí anois, nach bhfuil siad chun éirí as an agóidíocht. Dar leo gur gá don rialtas comhaontú a dhéanamh leis an Aontas Eorpach agus bogadh i dtreo an Aontais seachas i dtreo na Rúise.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-23 14:44:02

Admin/login Comments RSS

ILBF