Seoladh Leabhair – An Bhrídeach Sí

nuacht

Brideach SíAr an 7 Márta @ 1:00i.n. beidh Gréagóir Ó Dúill ag seoladh an leabhair ‘An Bhrídeach Sí’ le Caitríona Ní Chléirchín
thar ceann CLUB LEABHAR CHOISCÉIM FEIRSTE.

Beidh an seoladh ar siúl i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, 216 Bóthar na bhFál, Béal Feirste

Cuirfear fíon agus sólaistí ar fáil agus beidh Fáilte roimh chách

File óg í Caitríona Ní Chléirchín as Scairbh na gCaorach (Emyvale), Co Mhuineacháin.

Is iontach an seans seo a bheith againn í a éisteacht nó is file sí í agus is iad geasa na filíochta a chleachtann sí.

‘I gCluain na hEorna dúisíonn na smólaigh

san fhéithleog sna hEanaigh Gheala,

éiríonn an bhrídeach sí

sioc bán ar talamh mar shról mín is síoda uirthi.’

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive