Seisear saighdiúir marbh, ochtar gortaithe i ‘luíochán’ i nDonetsk

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Maíonn an rialtas i gCív gur maraíodh seisear saighdiúir dá gcuid agus gur gortaíodh ochtar eile nuair a rinneadh luíochán orthu in aice le baile Oktyabrske i gceantar Donetsk. Níl go dtí seo ach an leagan sin dár tharla ach le cúpla lá anuas tá daoine áirithe i nDonetsk, ceantar láidir an dream atá ag iarraidh scaradh ón chuid eile den Ucráin, ag maíomh gur arm forghabhála arm na hÚcráine i ndiaidh reifreann an Domhnaigh a raibh tromlach mór ann ar son níos mó saoirse a bheith ag an reigiún.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-31 01:34:35

Admin/login Comments RSS

ILBF