Sean agus óg marbh in ionsaithe nua ar Gaza Dé Domhnaigh

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Husam Ibrahim al-Najjar, 14, Ramziyya al- Abdul, 73, bliain d’aois  agus  Hijaziyya al-Hilou, 80 bliain d’aois a bhí orthu sin ar mharaigh arm Iosrael iad in Gaza inniu. Maraíodh seisear ar a laghad agus tá an líon marbh ag druidim anois le 170 Palaistíneach. Aréir mharaigh aerfhórsa Iosrael 21 Palaistíneach, 17 duine ón aon chlann amháin, nuair a d’ionsaigh siad tí cheannaire na bpéas i gceantar Tuffah  in Gaza.Gortaíodh eisean go dona ach tháinig sé beo. Leagadh an foirgneamh, a bhfuil cónaí ag go leor clann ann agus maraíodh daoine a bhí ag teacht ó mhosc in aice báire. In ainneoin a maíonn arm Iosrael as a ‘cúramaí’ is a bhíonn a saighdiúirí is sibhialtaigh iad 70% ar a laghad de na daoine a maraíodh in Gaza agus is páistí iad 30% de na mairbh.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-19 04:38:40

Admin/login Comments RSS

ILBF