Seachtar marbh i gcaismirtí na hÚcráine

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Seachtar a maraíodh ar a laghad nuair a tharla caismirtí idir na mílte léirsitheoirí agus péas taobh amuigh de Pharlimint na hUcráine i gCív inniu. Tá caismirtí ag dul ar aghaidh. Dódh foirgneamh de pháirtí an Uachtaráin, Viktor Yanukovych, agus maraíodh duine istigh ann. Scaoileadh triúr ar na sráideanna agus gortaíodh go leor eile. Agus fuarthas trí chorp i bhfoirgneamh eile. Bhí an parlimint ag plé moladh chun an bhunreacht a bhíodh ann in 2004 a thabhairt ar ais ach mhaígh an fhreasúra gur coscadh orthu leasuithe dá gcuid a chur chun tosaigh.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-19 15:02:42

Admin/login Comments RSS

ILBF