Sé mhí ó shin inniu d’imigh an eitleán MH370 as radharc

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Bhí ócáid cuimhneacháin ann inniu sa tSín agus i dtíortha eile ag cuimhneamh ar imeacht as radharc an eitleáin MH370 cothrom an lae inniu sé mhí ó shin. Bhí an Beoing 777 ar an bhealach ó Kuala Lumpar go Beijing nuair a d’imigh sé as radharc agus in ainneoin dianchuardaigh níor aimsíodh aon lorg den eitleán ó shin. Bhí 239 duine ar bord. Ag am amháin bhí 26 tír páirteach i gcuardach don eitleán ach anois tá díreach an Astráil agus dornán beag tíortha eile ag díriú ar chuardach ar achar 60,000 ciliméadar cearnógach san Aigéan Indiach agus dóchas ag trá go n-aimseofar aon lorg den eitleán sa ghearrthréimhse.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-26 01:49:56

Admin/login Comments RSS

ILBF