Sciobtha ag an bhás agus iad ina gcodhladh, scór marbh in ionsaí Iosraelach ar scoil NA

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24
  1. Maraíodh corradh is 50 Palaistíneach ó bhí meán oíche ann. Deir ArdChoimisinéir UNRWA, Pierre Krahenbuhl,  atá i gceannas ar sholáthar scoileanna do theifigh in Gaza, go sáraíonn air teacht ar fhocail lena dheistín agus lena fhearg a chur in iúl faoin ionsaí Iosraelach ar scoil in Jabalia a mharaigh os cionn fiche teifeach. Bhog na daoine a maraíodh go dtí an scoil cionn is gur bhagair arm Iosrael orthu imeacht as a dtithe. Maraíodh iad in ionsaí ar 5.00 ar maidin inniu agus iad ina gcodhladh sa scoil, a bhí faoi chúram na Náisiúin Aontaithe. Deir arm Iosrael ‘we are not familiar with this attack’ ach deir UNWRA nach bhfuil amhras ar bith orthu gur Iosrael a d’ionsaigh an scoil in ainneoin gur tugadh comhordanaidí na scoile dóibh 17 n-uair, aréir agus sna laethanta roimhe. Dar le UNWRA gur seo an séú uair ar ionsaíodh scoil dá gcuid, ceithre cinn acu ag Iosrael agus fiosrúchán ag dul ar aghaidh i gcónaí faoin dá ócáid eile. Mharaigh arm Iosrael breis ar 120 Palaistíneach inné agus tá an líon marbh in Gaza imithe thar 1,200 duine, ar pháistí iad 260 ar a laghad. Deir Iosrael go bhfuil siad ag iarraidh gan sibhialtaigh a mharú ach is léir ní amháin gur pháiste duine as gach seisear a marítear ach lena chois sin go bhfuil siad ag leagadh go talamh straicí móra de Gaza, ag cruthú teifigh nua i gceantar mar a mhaireann teifigh cheana féin.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 12:12:07

Admin/login Comments RSS

ILBF