Scarlett Johansonn ag éirí as mar Ambasadóir Oxfam cionn is rírá faoi áitrimh Iosraelacha

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

D’fhógair Scarlett Johanasson inniu go bhfuil sí ag éirí as mar Ambasadóir deathola de chuid Oxfam mar gheall ar easaontas leo faoi earraí ó áitrimh Iosraelacha atá mídhleathach faoi dhlí idirnáisiúnta. Bhí sí ina Ambasadóir do Oxfam le 7 mbliain anuas. Ach an mhí seo caite shocraigh sí glacadh le jab mar Ambasadóir Domhanda SodaStream, comhlacht ollmhór a bhfuil mornachan mór acu sna Tíortha Gafa. Chuir Oxfam in iúl go raibh siad míshásta leis seo agus inniu d’fhógair Scarlett Johansson go bhfuil sí chun deireadh a chur lena ról mar Ambasadóir acu sin agus leanúint mar Ambasadóir do SodaStream. Dar lena ráiteas go bhfuil buneasaontas idir í agus Oxfam faoi bhagchat, smachtbhannaí agus a leithéid. Deir sí go dtacaíonn sí le ‘comhoibriú eacnamaíochta agus caidreamh sóisialta idir Iosrael daonlathach agus an Phalaistín.’

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive