SCANNÁIN SA TAIBHDHEARC

ealaíona, nuacht, Nuacht24

siobhanSCANNÁIN SA TAIBHDHEARC

 

SIOBHAN‘  agus  ‘JOHN HUSTON‘  

 

11.09.2014  DÉARDAOIN ar  8.00 in.

 

 

Ar an Déardaoin bheag  seo, beidh oíche iomlán Gaeilge againn, gan fotheidil ar na scannáin. Dhá chlár i ndiaidh a chéile atá i gceist faoin mbeirt – duine a chuaigh go Hollywood, agus duine eile a tháinig ar ais go hEireann ó Hollywood!

Is é an chéad cheann ná ‘SIOBHAN’, clar faisnéise faoin aisteoir cáiliúil as Gaillimh, Siobhán McKenna, a thosaigh amach sa Taibhdhearc lena dráma, SAN SIOBHAN, agus a bhain clú agus cáil amach in Hollywood.

Ach tá dhá agallamh fada sa chéad scannan atá trí Bhéarla, ceann fada le scríbhneoir Tom Murphy (atá anois ina Phátrún ar an Taibhdhearc), agus ceann eile le Peter O Toole, aisteoir cáiliúil a bhásaigh anuraidh. Beidh aoi speisialta a léirigh an clár ag caint ina dhiaidh, Gearóid O Cairealláin, Gaeilgeoir c á iliúil as Béal Feirste a bhain Gradam an Oireachtais amach le gairid, as a sheirbhís don teanga. Beidh Ann Marie Horan linn freisin a raibh aithne mhaith aici ar Shiobhán.

Agus, beidh an léiritheoir Brian Reddin linn chun an dara scannán a phlé faoi shaol an stiúrthóra Mheiriceánaigh, ‘JOHN HUSTON’, agus an tréimhse a chaith sé i gCreachmhaoil sa teach, St Clerans. Labhraíonn a iníon Anjelica Huston faoina hathair trí Bhéarla. Níl fotheidil ar an gceann seo ach oiread. Oíche lánGhaelach go huile is go hiomlán!

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-09-20 10:19:17

Admin/login Comments RSS

ILBF