Roy Keane ag fanacht le foireann na hÉireann seachas dul san iomaíocht do phost Celtic

nuacht, Nuacht24, spórt

Fógraíodh tráthnóna go bhfuil Roy Keane i ndiaidh é a chur as an áireamh don iomaíocht le bheith i gceannas ar Glasgow Celtic. Bhí cainteanna ag leasbhainisteoir na hÉireann le Celtic agus bhí nuachtáin áirithe go fiú ag tuar go mbeadh Celtic ag fógairt inniu go bhfuil sé le ceapadh. Ach dúirt Celtic go hoifigiúil go bhfuil siad i rith an ama i mbun cainte le roinnt daoine agus ba léir don breathnóir géarchúiseach go dtógfaidh siad am roimh bhainisteoir nua a cheapadh. Dar le foinse ag Celtic nach ndearnadh an jab a thairscint do Roy Keane ná duine ar bith eile go fóill.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-29 18:07:55

Admin/login Comments RSS

ILBF