Roinnt de na cailíní a fuadaíodh sa Nigéir ‘díolta le trodairí’

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá tuairiscithe éagsúla ann ón Nigéir faoinar tharla do chorradh is 2oo cailín scoile ar fhuadaigh an grúpa Boko Haram iad coicís ó shin. Fuadaiodh iad ó mheánscoil na gcailíní Chibok agus in ainneoin brú a bheith curtha ar an rialtas ag a muintir níl aon scéal ó shin faoi na cailíní. Inniu thug seanóirí i Chibok le fios go bhfuil tuairisc faighte acu ó dhaoine i bhforaois Sambisa, ceantar ar theorainn an Chamarúin atá faoi smacht Boko Haram, go bhfuil roinnt de na cailíní i ndiaidh a bheith díolta le trodairí agus go bhfuil roinnt eile acu tugtha thar teorainn. Bhí na céadta gaol leis na cailíní páirteach inniu i léirsiú agus i slógadh taobh amuigh de pharlimint na Nigéire agus iad ag iarraidh ar an rialtas gníomhú lena íníocha a fháil ar ais. Tuigtear go raibh Boko Haram i mbun plé ar na mallaibh le dreamanna éagsúla agus iad ag cur in iúl go mbeadh siad sásta na cailíní a ligean saor dá n-íocfaí airgead fuascailte leo. Maíodh go bhfuair beirt de na cailíní bás i ndiaidh do nathair nimhe iad a ionsaí. Ach ní féidir muinín a chur in aon chuid de na tuairiscithe mar go bhfuil ráflaíocht fairsing agus eolas cruinn gann maidir leis an fhuadach áirithe seo.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-22 15:40:55

Admin/login Comments RSS

ILBF