Roinnt daoine marbh i ndiaidh taisme Ottawa

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Maraíodh roinnt daoine i mbus nuair a bhuail traein agus an bus dá urlár i gcoinne a chéile in Ottawa inniu. Cúigear a maraíodh ar a laghad agus gortaíodh os cionn dáréag nuair a tharla an taisme ar iarnród in iardheisceart Ottawa tamall roimh a naoi a chlog ar maidin. Dar le féinnithe súl go deachaigh an bus tríd bac a bhí le taobh an bhealaigh mhóir agus bhuail i gcoinne na traenach.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-24 19:16:53

Admin/login Comments RSS

ILBF