Rí na Spáinne chun éirí as, a mhac Felipe le teacht i gcumhacht

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

I ndiaidh dó 39 bliain a chaitheamh i gcumhacht tá Rí Juan Carlos na Spáinne chun éirí as chun go mbeadh faill, dar leis, ag glúin óg teacht chun tosaigh. Is é a mhac Felipe a thiocfaidh i gcumhacht nuair a dhéanfar na leasuithe cuí ar bhunreacht na Spáinne chun a leithéid a eascú. Thosaigh an Rí Carlos go dearfach agus ról aige i gcur chun tosaigh an bogadh ar shiúil ón deachtóireacht i ndiaidh do Franco bás a fháil. Ach le blianta beaga anuas bhí dúil an phobail ann ag trá agus ó tharla é a bheith anois 76 bliain d’aois tá sé ag iarraidh an Teaghlach Ríoga is an institiúid a athnuachan.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-23 14:42:54

Admin/login Comments RSS

ILBF