Reifreann na Catalóine le cur ar ceal ach beidh ‘comhairliúchán’ ann

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Ag preas ócáid inniu dhearbhaigh rialtas na Catalóine nach bhfuil siad chun leanúint lena bplean chun reifreann faoi neamhspleáchas a reachtáil ar 9 Samhain. I ndiaidh do rialtas Artur Más bualadh le grúpaí eile atá i bhfách leis an reifreann dúirt urlabhraí leo go bhfuiltear anois ag meas bealaí eile chun go dtiocfadh leis an phobal sa Chatalóin a ndearcadh faoi neamhspleáchas agus a mianta a chur in iúl. Tuigtear go mbeidh vóta ann faoin cheist ar 9 Samhain faoi mar a bhí beartaithe ach nach mbeidh seasamh bunreachtúil leis an vóta seo, a ligfidh don phobal a dtuairim a nocht de réir an rialtais. Bainfear úsáid as 20,000 foirgneamh de chuid rialtas na Catalóine le nach mbeadh ról ag an rialtas in Maidríd ann. Chuir rialtas na Spáinne ceist an reifrinn faoi chaibidil Chúirt Bhunreachtúil na Spáinne agus níl aon chuma ar an scéal go mbeidh breithiúnas luath uathu sin. Má bhíonn tá dreim leis go mbeidh an Chúirt ag rialú go mbeadh a leithéid de reifreann mídhleathach.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-22 15:43:40

Admin/login Comments RSS

ILBF