RÉALTA CHEOIL NA hINDIA tar éis BÁS a FHÁIL

idirnáisiúnta, nuacht

Tá réalta cheoil de chuid na hIndia, an seinnteoir Siotáir Ravi Shankar tar éis bás a fháil agus é 92 bliain d’aois. Chuaigh sé i bhfeidhm go mór ar chuid mhór cheoltóirí – Na Beatles san áireamh. Fuair sé bás i SAM i ndiaidh dó obráid a fháil.

Iníon leis is ea í an ceoltóir agus cumadóir ceoil mór le rá Norah Jones. Fuair Ravi Shankar bás in Ospidéil i gcathair San Diego, California, i ndiaidh dó dul faoi obráid le comhla croí nua a fháil.

Rugadh Ravi Shankar sa chathair naofa Hiondúch i dtuaisceart na hIndia, Varanasi, ar an 07 Aibreán 1920.

Theagasc sé do George Harrison as na Beatles an dóigh leis an siotár a sheinm. Agus sheinn sé san aon cheolchoirm le Janis Joplin agus Jimi Hendrix ag Féile Woodstock i Stát Nua-Eabhrac i 1969.

Maireann a bhean chéile Sukanya agus beirt iníonacha leis Norah agus Anoushka, arsa siad ar Twitter gur  “fear céile, athair agus anam ceolmhar a bhí ann”

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-25 04:03:45

Admin/login Comments RSS

ILBF