Réabhlóidithe an scath fearthainne in Hong Kong ag diúltú dul chun abhaile

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Agus iad ar na sráideanna le seachtain agus breis anois tá na scórtha mílte léirsitheoir ag seasamh an fhóid in ainneoin bagairtí agus brú ó údaráis na Síne agus ó údaráis Hong Kong féin. Bhí tuairim is ceathrú milliún duine ar na sráideanna i gceantar gnó Hong Kong an t-am is líonmhaire iad agus tá dreim le níos mó féin ná sin inniu cionn is lá saoire a bheith ann. Lá na Síne nó an Lá Náisiúnta atá ann, lá a chuimhníonn teacht i gcumhacht na gCumannach sa tSín 65 bliain ó shin. Ag an ócáid dúirt an pholaiteoir is cumhachtaí sna húdaráis áitiúil, CY Leung, go mba cheart do léirsitheoirí dul abhaile agus oibriú trí córas speisialta Hong Kong chun leasuithe a bhaint amach. ‘Aon tír, dhá chóras’ ar sé. Ach go fiú ag an ócáid a ba thábhachtaí, a craoladh ar theilifís sa tSín, bhí léirsitheoirí i measc iad sin a sheas taobh amuigh den ócáid agus iad ag cur a míshásamh in iúl trí scath fearthainne a oscailt. Tá an tSín ag ‘ceadú’ do phobal  Hong Kong a gcéad rialóir eile a roghnú iad féin in 2017  ach tá Beijing a maíomh gur iadsan a roghnóidh na hiarrthóirí iad féin.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-25 01:57:34

Admin/login Comments RSS

ILBF