Ranganna Gaeilge do CLG Ard Mhacha

nuacht

Beidh Cairde Teo i gcomhar le CLG Ard Mhacha ag eagrú dianchúrsa Gaeilge saor in aisce mar chuid de Dhianchúrsaí Líofa ar an Satharn 5 Meán Fómhair sa Cheannáras ag an Pháirc Lúthchleasa in Ard Mhacha. Beidh na cúrsaí ar siúl idir 11am agus 4pm agus cuirfear lón ar fáil ar an lá. Ní mór áit a chur in áirithe roimh ré trí theagmháil a dhéanamh le Seán sean@cairdeteo.com 028 3751 5229. Tá dianchúrsaí Gaeilge á reáchtáil ar fud an tuaiscirt le ceiliúradh a dhéanamh ar bhreithlá Líofa, an feachtas a thosaigh an tAire Cultúir Carál Ní Chuilín ceithre bliana ó shin. Is é an aidhm atá leis an fheachtas Líofa ná daoine a spreagadh tiomantas a thabhairt go ndéanfaidh siad a ndícheall an Ghaeilge a fhoghlaim. Beidh deis do dhaoine clárú leis an fheachtas Líofa ar an lá ach is féidir leat é a dhéanamh roimhré ag an nasc www.liofa.eu.

Tá tuilleadh eolais le fáil anseo: http://www.armaghgaa.net/armagh-to-host-free-irish-language-course/

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive