Putin ‘ní mór caint faoi stát in Oirthear na hÚcráine’

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Agus an chogaíocht ag dul go trean i gcónaí in oirthear na hÚcráine dúirt Uachtarán Putin na Rúise inniu go mba cheart labhairt anois faoi stát a bheith ann d’Oirthear na hÚcráine. Maidir le rabhadh ón AE go gcaithfidh an Rúis a seasamh a athrú taobh istigh de sheachtain nó go gcuirfí tuilleadh smachtbhannaí i gcrích mhaígh sé go bhfuil an AE ag tacú le coup d’etat i gCív agus nach féidir a thuar anois cén críoch a bheadh ar an ghéarchéim. Dé Domhnaigh rinne an Rúis agus an Úcráin cimí a mhalartú, deichniúr saighdiúir Rúiseach do 63 saighdiúir Úcránach. Tá lucht éirí amach, atá ar son na Rúise, ag dul chun cinn i roinnt ceantracha le tamall de laethanta anuas, go háirithe in Donetsk agus in Luhansk. Maraíodh corradh is 2,600 duine sa chogaíocht ó mhí Aibreáin na bliana seo.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-27 03:45:04

Admin/login Comments RSS

ILBF