Putin ag iarraidh ar an dá thaobh glacadh le sos cogaidh san Úcráin

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Mhol Uachtarán Putin na Rúise tráthnóna don dá thaobh san Úcrain Thoir glacadh le sos cogaidh agus tabhairt faoi chomhréiteach. Tá an Rúis go mór faoi bhrú mar gheall ar líomhaintí gurb iad trodairí scarúnacha san Úcrain Thoir a bhí freagrach as leagadh eitleáin os cionn na tíre inné. Maraíodh 298 paisinéir agus tá rialtais fud na hEorpa is na cruinne ag iarraidh go gceapfaí iad siúd a bhí freagrach as an eachtra.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-23 03:30:34

Admin/login Comments RSS

ILBF