‘Poblacht atá uainn, ní Rí eile’ – breis is 20,000 i mbun agóide in Puerta del Sol

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Chuaigh na mílte duine amach ar shráideanna mhórchathracha sa Spáinn aréir ag éileamh Poblacht nua seachas leagan amach nua bunreachtúil a ligfidh don Rí Juan Carlos éirí as agus a mhac Felipe teacht i gcomharbacht air. Níl aon soláthar dá macasamhail faoi bhunreacht na Spáinne agus de thairbhe sin tá rialtas na Spáinne i mbun cruinniú phráinne inniu agus iad ag iarraidh leasú bunreachta a chur le chéile a ligfeadh do sin tarlúint. Go fiú má shocrítear ar leasú bunreachta inniu tógfaidh sé roinnt seachtainí sula ndéanfaí El Cortes, an Parlimint, an leasú a achtú. Aréir dar leis an phéas gur bhailigh os cionn 20,000 duine i bPuerta del Sol i Maidríd agus iad ag éileamh go n-imeodh an Teaghlach Ríoga ar fad agus go mbeadh Poblacht sa Spáinn. Deir lucht eagraithe na hócáide, páirtithe den eite chlé is mó, gur mó i bhfad ná 20,000 duine a bhí ann agus nach bhfuil anseo ach ócáid a eagraíodh ar fhógairt tobann imeacht an Rí. Dar leo go bhfuil siad chun tabhairt anois faoi fheachtas leanúnach fadthréimhseach chun Poblacht a dhéanamh den Spáinn. Bhí sluaite móra amuigh i gcathracha eile sa tír, rud a chuirfidh le dúshláin an rialtais is an Teaghlaigh Ríoga agus iad ag iarraidh teacht ar bhealach gasta éifeachtach chun an aistriú cumhachta ó Juan Carlos go Felipe a eascú.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-22 18:24:10

Admin/login Comments RSS

ILBF