Pléascán in Bangkok na Téalainne

nuacht

17 Lúnasa 2015 – Bangkok

Tharla pléascán ag ceann de na scrínte is mó tóir uirthi i bpríomhchathair na Téalainne, Bangkok. Is le linn buaicthráth tráchta a tharla an pléascán.

Dar leis na meáin chumarsáide áitiúla maraíodh ar a laghad 27 agus gortaíodh suas le 80 daoine. I measc na marbh tá daoine as an tSín agus an Fhilipín. Dar leis an ard-oifigeach náisiúnta Somyut Poompummuang is buama ba chúis leis an phléascán.

Deir póilíní na Téalainne gur ar ghluaisrothar a bhí an buama nuair a phléasc sé taobh amuigh den scrín Hiondúch i lár na cathrach.

Níor ghlac dream ar bith go fóill freagracht as a bhuama a chur ach creideann an Rialtas gur chun dochar a dhéanamh don gheilleagar a plandáladh an buama.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive