Pléascán eile i mBangkok

nuacht

18 Lúnasa 2015 – Bangkok, An Téalainn

Tuairiscítear go raibh an dara buama in Bangkok, príomhchathair na Téalainne. Tháinig an eachtra lá i ndiaidh do bhuama pléascadh ag scrín Hiondúch sa chathair. An uair seo is ag cé farantóireachta a tharla an pléascán ag 1:00in san am áitiúil.

Deir póilíní na Téalainne gur caitheamh an fheiste ó Dhroichead Taksin agus gur pléascadh é ar Ché Sathorn agus gur thit sé isteach in abhainn Chao Phraya ina dhiaidh sin.

Inné maraíodh 20 duine i bpríomchathair na Téalainne nuair a phléasc buama ag scrín hiondúch sa chathair. Tá an Rialtas i ndiaidh tuilleadh slándála á chur isteach sa phríomhchathair.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive