Pionós an bháis do 529 tacaí le Morsi san Éigipt

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Shocraigh cúirt san Éigipt inniu go mba cheart 529 duine a chur chun báis. Ciontaíodh na daoine, tacaithe leis an Uachtarán Morsi, ciontaíodh iad as coireanna a bhain le forneart i gcoinne na bpéas agus daoine eile. Ach dar lena ndlídóirí siúd nár tugadh seans cothrom dóibh iad a chosaint. Ligeadh saor 17 duine a bhí faoi thriail. Tá 153 acu sin a daoradh chun báis inniu, tá siad faoi ghlas. Tá an chuid eile ar a seachaint i rith an ama. Tá 700 tacaí eile leis an Uachtarán Morsi le dul faoi thriail amárach.  Ghabh arm na hÉigipte cumhacht sa tír i mí Iúil seo caite i ndiaidh roinnt seachtainí de léirsithe mhóra i gcoinne an rialtais tofa de Mohamad Morsi. Mharaigh saighdiúirí is péas os cionn 1,000 duine agus chuir na mílte faoi ghlas mar aon le cur i réim dlíthe smachta den tsórt a chleachtaigh Hosni Mubarak lena linn. Maíonn an t-arm gur rialtas dlísteanach an rialtas atá ceaptha acu leis an tír a reachtáil ach ní ghlacann go leor leor den phobal agus go leor den phobal idirnáisiúnta leis gur rialtas dleathach é.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive