Piolóta de chuid na hIordáine gafa tar éis don IS maíomh gur leag siad eitleán

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Ghabh trodairí an Stáit Ioslámaigh píolóta de chuid na hIordáine ar maidin inniu nuair a leag siad eitleán as an aer, dar leo, faoi chóngar dá gceannáras in Siria, sa bhaile Raqqa. Ní léir go fóill cad é an diúracán a d’fhéadfadh IS a úsáid chun an t-eitleán a bhualadh ach ar ball ghabh siad an píolóta a bhí i loch in aice báire. Dar le harm Mheiriceá nár leagadh an t-eitleán le diúracán ar chor ar bith. Ach níor mhínigh siad cad a ba chúis leis an tuirling eitleáin. Cuireadh grianghrafanna den phíolóta óg ar shuíomhanna idirlín.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-18 18:12:17

Admin/login Comments RSS

ILBF