Philip Seymour Hoffman marbh , hearóin lena thaobh

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir na peas I Nua Eabhrac go bhfuil siad ag fiosrú bás an aisteora Philip Seymour Hoffman ar aimsíodh a chorp inniu I seomra folctha a árasáin. Tuairscíodh go forleathan go raibh insteallaire agus dhá mhála hearóine le taobh an choirp. D’admhaigh an t-aisteoir, 46 bliain d’aois, go raibh fadhbanna aige san am a d’imigh le drugaí agus le hól a bharraíocht. Dar leis go raibh sé éirithe as an ól ar feadh 23 bliain go dtí gur thug sé faoi arís tamall ó shin. Bhain Philip Seymour Hoffman Oscar as a ról sa scannán Capote in 2005 agus ba réalt é I scannáin ar nós  ’The Hunger Games,’ ‘The  Master,’ ‘Charlie Wilson’s War,’ ‘Moneyball,’ ‘Doubt,’ ‘The Savages’ agus ‘Almost  Famous.’ Bhí tallann ar Leith aige mar aisteoir a d’fhág go raibh sé cheana féin ar na haisteoirí is fearr dá ghlúin agus dreim le 20 bliain geallmhar eile uaidh ar a laghad.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-31 01:29:39

Admin/login Comments RSS

ILBF