Peter Kassig an chéad ghiall Iartharach eile atá SI le marú

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Agus iad ag marú Alan Henning in Siria ar na mallaibh chuir an Stát Ioslámach in iúl gur Peter Kassig, a bhfuil an t-ainm Abdul-Rahman Kassig in úsáid aige ó d’iompaigh sé ina Mhoslamach, gurb é an chéad duine Iartharach eile a maraíodh siad. Bhain dúnmharú Alan Henning, i ndiaidh do Mhoslamaigh go leor fud na Breataine agus níos faide i gcéin impí ar an SI gan é a mharú, bhain sé siar de go leor Moslamaigh mar aon le gaolta an fhir agus an pobal idirnáisiúnta. Ach tá an SI maíte ar dhul ar aghaidh leis an pholasaí de bheith ag marú gialla ón Iarthar. De thairbhe an bhainistiú eolais atá ar bun ag na Stáit Aontaithe agus an Bhreatain, ní léir go fiú cá mhéad gialla ón Iarthar atá ag ISIS. Tá ceathrar ar aithne againn cheana féin cionn is a marú is a mbagairt ach meastar go bhfuil dornán eile ann. Ar maidin inniu dúirt tuismitheoirí James Foley, iriseoir a mharaigh an SI mí ó shin, dúirt siad nár cheart do na húdaráis sa Bhreatain ná i Meiriceá cur as an reicneáil margáil a dhéanamh le fudaitheoirí chun go saorófaí na gialla atá acu. Dar leo go raibh siad meallta lena chois faoin dóigh a smachtaíodh nuacht faoina mac, rud a bhain dá n-iarrachtaí chun mórfheachtas poiblí a reáchtáil chun aird an phobail a tharraingt agus a choinneáil ar chás James. Mar aon leis na gialla Iartharacha tá an SI ag coinneáil na céadta, murab é na mílte giall Moslamach, daoine ar ghabh siad in Siria agus san Iaráic. Lena chois tá siad ag coinneáil 23 saighdiúir de chuid na Liobáine ina ngialla – mharaigh siad triúr acu cheana féin.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 23:52:50

Admin/login Comments RSS

ILBF