Pete Seeger, guth na cosmuintire, ar lár

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Cailleadh inniu an t-amhránaí is an agóidí polaitiúil Pete Seeger in aois 94 bliain. Bhí sé tinn le tamall beag anuas. Bhí aird agus aithne ar Pete Seeger le 60 bliain anuas agus mar aon leis an ardlíon amhrán a scríobh sé nó a chan sé bhí tionchar mhór aige ar cheoltóirí eile ó Bob Dylan is Joan Baez go Bruce Springsteen. Ba ó Nua Eabhrac é Pete Seeger agus deir sé gur in aois 16 bliain a thit sé i ngrá le daoncheoil nuair a d’fhreastal sé ar cheolchoirm i North Carolina in 1935. Bhí sé go mór faoi thionchar Woody Guthrie agus sheinn ina chuideachta D’fhoghlaim sé an bainseó cúig sreang agus deirtear go ndearna sé an uirlis a athbheochan ag am a bhí sé i mbaol a bheith fágtha ar lár ar fad. D’imigh sé ó Harvard i ndiaidh dhá bhliain de staidear ar soceolaíocht. Dar leis gur dúirt a leachtóir leis, ‘Ná smaoinigh go dtiocfadh leat an domhan a athrú, díreach déan iarracht staidéar a dhéanamh air.’ Níor ghlac sé lena chomhairle. Phos sé Toshi Seeger in 1943 agus bhí triúr páiste acu. Fuair sise bás in aois 91 bliain anuraidh. Chaith Pete Seeger blianta luath na 1940í ag seinm thart ar Mheiriceá do phobail a bhí buailte ag tubaistí is stoirmeacha agus d’imircigh. Bhíodh sé go minic an t-am sin ag seinm i gcomhar le Woody Guthrie. In 1943 chuaigh sé ag taisteal chun seinm do saighdiúirí Mheiriceánacha a bhí páirteach sa dara cogadh domhanda.

Bhunaigh Pete Seegar an grúpa ceoil na Weavers in 1948. B’iad baill an ghrúpa ná Pete Seeger, Lee Hays, Ronnie Gilbert agus Fred Hellerman. Bhí sraith d’amhráin mhórchlú acu, orthu sin ‘Goodnight Irene, Tzena Tzena, agus On Top of Old Smokey.’ agus bhí arid is iomrá orthu sin.  Den eite chlé é ó thaobh na polaitíochta de agus  Sheinn Pete

In 1948 d’fhoilsigh sé an amhrán ‘We Shall Overcome’ ina iris ‘People’s Song’ agus ó shin agus i leith bhí sé ceangailte go dlúth leis an amhrán ar ghnách leis a chanadh go mion minic.

Dar leis gur imigh sé ón Pháirtí Cumannach in 1950 ach d’fhág a chlú mar ghníomhaí na heite chlé riamh anall faoi amhras na n-údarás é agus is iomaí uair a bhí sé thíos leis ó thaobh airgid agus clú de. Cuireadh cosc air ar theilifís Mheiriceá ar feadh 10 mbliain i ndiaidh don House Un-American Activities Committee é a dhiancheistiú go poiblí. Nuair a iarraidh air ar chan sé amhráin do Chumannaigh ar seisean, “I love my country very dearly, and I greatly resent this implication that some of the places that I have sung and some of the people that I have known, and some of my opinions, whether they are religious or philosophical, or I might be a vegetarian, make me any less of an American.”

Seachas a bheith cloíte shocraigh sé dul thart ar choláistí Mheiriceá agus chaith na blianta ar chamchuairt chucu sin. Dar leis go raibh sin ar na rudaí is tábhachtaí ar tharla lena shaol agus gur chuir sé ar a súile do dhaoine óga ‘go bhfuil ceol iontach sa tír seo nach gcloisfidh siad go deo ar an raidió.’

Nuair a ligeadh dó dul ar an teilifís faoi dheireadh na 1960í lean an conspóid é, go háirithe mar gheall ar a sheasamh i gcoinne Chogadh na Vítnaem. Feadh a shaoil, agus go háirithe le linn Cearta Sibhialta Mheiriceá, bhí Seeger chun tosaigh agus ag tabhairt a ainm is a thallann ar son na cúise.

Bhí tallann nach beag aige agus is é a bhí ina údar nó comh-údar ar leithéidí ‘If I had a Hammer’,  ‘Where have all the flowers gone’ agus ‘Turn Turn Turn.’

Go dtí a bhás in aois 94 bliain bhí sé gníomhach ar chúrsaí polaitiúla is sóisialta agus in 2011 thacaigh sé leis an ghluaiseacht ‘Gabh Seilbh.’

I dtreo deireadh a shaoil dar leis go raibh seo ina thógáil chroí aige, ‘Ní hé go bhfuil na dosaen de dhaoine ag déanamh seo anois, ná na céadta, ná na mílte…..tá an smaoineamh sin gur féidir leat an domhan a aontú le ceol achan áit anois.’

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive