Péas Shasana ag ceistiú déagóra i ndiaidh do mhúinteoir a bheith sáite chun báis

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir na péas i Sasana go bhfuil déagóir 15 bliain d’aois, dalta scoile,  á cheistiú faoi mharú múinteora ag Coláiste Chaitliceach Corpus Christi i Leeds Shasana inniu. Banmhúinteoir an duine a maraíodh tuigtear a bhí i ndiaidh a bheith ag teagasc ann le 40 bliain anuas. Dar le tuairiscithe gur Anne Maguire, 61 bliain d’aois an duine a maraíodh, múinteoir Spáinnise. Deir na péas go bhfuil a bhfiosrú ar ar tharla díreach tosaithe.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-25 01:52:45

Admin/login Comments RSS

ILBF