Péas na Fraince sa tóir ar charr, gunnadóirí ar maidin – giall tógtha acu

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Dar le Le Monde gur aithníodh na dearthracha Kouachi le linn imeachtaí na maidine in Seine-et-Marne

LeMonde.fr: @Visiteur : les frères Kouachi ont été formellement identifiés ce matin lors du vol de voiture, non loin de Dammartin-en-Goële. Selon toute probabilité, il s’agit des preneurs d’otages.

 

Tá tuairisc ann go bhfuil gunnadóirí, a theith níos luaithe ó phéas na Fraince agus a scaoil orthu le linn an éalaithe sin, go bhfuil roinnt gialla tógtha acu i ngnó beag i mbaile Dammartin-en-Goële, 45 ciliméadar ó thuaidh de Pháras. Dar le tuairisc ag Le Monde gur aithníodh an bheirt dhearthair Kouachi le linn imeachtaí na maidine. Ní léir cá mhéad giall atá i gceist. Tá tuairiscithe ag teacht salach ar a chéile i rith an ama faoi sonraí na himeachta. Thosaigh an tóir ar maidin nuair a chlis ar charr a bhí á tiomáint cóngarach don Route National 2 i gceantar Seine-et-Marne 45 ciliméadar ó thuaidh de Pháras agus gur fuadaíodh carr Peugeot. Thosaigh na péas ag dul sa tóir ar an charr agus tharla eachtra lámhaigh. Stop na gunnadóirí ag gnó beag i mbaile Dammartin-en-Goële  thart faoi 7.00 am na Fraince, 6.00 am na héireann.  Bhí tuairisc ann, gan dearbhú, gur tógadh bean ina giall ag gunnadóir nó gunnadóirí. Cuireadh cruinniú éigeandála de chomhAireacht na Fraince ar fionraí le go dtiocfadh le Francois Holland breathnú air agus plé lena bhfuil ag titim amach ó thuaidh de Pháras. Cuireadh roinnt eitiltí ag Aerfort Charles de Gaulle ,  atá tuairim is 15  ciliméadar ón láthair, ar shiúil ó ruidbhealach áirithe fad is go bhfuil an oibríocht slándála ag dul ar aghaidh. Tá roinnt heileacaptar os cionn bhaile Dammartin – en – Goele i rith an ama agus ollscaifte péas ag cur sealán thart timpeall an bhaile.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-08-24 11:24:23

Admin/login Comments RSS

ILBF