Péas i ndiaidh ionsaí a dhéanamh ar chaifelann Sydney – beirt marbh, roinnt gortaithe?

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Maraíodh an gunnadóir, Man Haron Monis, agus duine de na gialla nuair a rinne na péas ruathar níos luaithe inniu ar an chaifelann mar a raibh fear ag coinneáil custaiméirí ina ngialla ann. D’éalaigh go leor de na gialla ach ní léir go fóill cá mhéad acu. Tá tuairiscithe éagsúla ann ach de réir tuairisc amháin ó sheirbhís nuachta san Astráil gur gortaíodh ceathrar seachtar duine, péas ar dhuine acu. Dar le tuairisc eile gur maraíodh beirt dhuine. Ní léir go fóill cad a bhain don fhear a bhí á gcoinneáil ina ngialla.  Chualathas roinnt urchair agus pléascáin le linn do na péas a bheith ag dul i mbun na hoibríochta. Bhí an léigear ar siúil ag an chaifelann Lindt ar feadh breis is dosaen uair a chloig. Meastar gurb é Man Haron Monis, Iaránach a fuair tearmann san Astráil blianta ó shin, an fear a bhain úsáid as gránghunna chun daoine a choinneáil ina ngialla ann. Tuigtear gur cúisíodh é as a bheith ag seoladh litreacha binbeacha chuig gaolta le saighdiúirí de chuid na hAstráile a maraíodh ag troid thar lear. Agus go bhfuil cúiseanna maidir le drochíde ghnéis a imirt ar dhaoine áirithe agus maidir le lámh a bheith aige i marú a mhná chéile curtha ina leith.  Ní léir fós cad é a thug air a bheith ag tógáil gialla i gcaifelann in Sydney.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive