Parlimint na Crimé ar son dul isteach i gCónaidhm na Rúise

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tháinig casadh eile i scéal na hÚcráine inniu nuair a vótáil parlimint na Crimé ar son dul isteach i gCónaidhm na Rúise. Dar leo má cheadaíonn an Ruis dóibh dul isteach sa Chónaidhm go mbeidh reifreann ann ar 16 Márta. Dúirt Uachtarán nua na hÚcráine, Arseny Yatseniuk, nach bhfuil bunús dlí ar bith lena macasamhail agus mhol sé don Rúis gan toiliú don iarratas ón pharlimint. Mhaígh sé gur cuid den Úcráin é an Chrimé agus go mbeidh sé amhlaidh amach anseo.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-18 08:00:48

Admin/login Comments RSS

ILBF