Pápa Nua Tofa

nuacht

Tá Jorge Bergoglio i ndiaidh bheith tofa mar Phápa.

Seo an chéad duine riamh as na tíortha Meiriceanacha a toghadh mar phápa, agus an chéad Phápa as taobh amuigh den Eoraip le breis agus míle bliain.

Roghnaigh sé an t-ainm An Pápa Proinsias

D’fhógair duine de na Cairdinéil “Habemus Papum” “tá Pápa againn” ón bhalcóin sa Bhaisleac Pheadair agus d’fhógair sé ainm an phápa nua sa Laidin.

De réir dealraimh, tháinig an tArdeaspag Bergoglio sa dara háit i 2005 nuair a toghadh Benedict XVI mar Phápa.

B’é an Pápa Benedict an chéad Phápa a d’éirigh as Suí Pheadair sa Róimh le breis agus 600 bliain.

Tá an Pápa Proinsias 76 bliain d’aois agus chaith sé formhór a shaoil sa bhaile i mBuenos Aires san Airgintín.

B’iad na chéad fhocail a dúirt sé mar Phápa ná go ndeachaigh a chomhchairdinéil chuig ‘deireadh an domhain’ le Pápa nua a aimsiú.

Bheannaigh sé an slua mór a bhí bailithe taobh amuigh i gCearnóg Naomh Peadair agus d’iarr sé ar ‘gach fear agu

s bean den dea-thoil’ guí ar a shon agus cuidiú leis bheith mar cheannaire ar an Eaglais Chaitliceach.

Is é Proinsias an 266ú pápa i stair na hEaglaise a théann siar 2000 bliain. Is é an chéad Íosánach a toghadh riamh mar Phápa.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-09-20 10:06:44

Admin/login Comments RSS

ILBF