Pápa nua ‘roimh dheireadh Mhárta’

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá an Vatacáin ag dreim leis go mbeidh Pápa nua ann faoi dheireadh mhí Mhárta dar le hurlabhraí acu. Déanfaidh suas le 120 Cairdinéal an cinneadh nuair a bhuailfidh siad le chéile ag Coláiste na gCairdinéal sa Róimh, traidisiún a théann siar beagnach 1,000 bliain. Níl aon sampla sa nua stair de Phápa a d’éirigh as agus mar sin tá an Vatacáin ar a seacht ndícheall ag iarraidh teacht ar thuiscint ar an bhealach ar cheart dóibh an cás seo a laimhseáil. Nuair a éireoidh sé as beidh an iarPhápa Benedict ina chónaí i mainistir taobh istigh de chríocha na Vatacáine tuigtear. Cé nach mbeadh meas ag an Vatacáin ar gheallglacadóirí tá Paddy Powers agus Ladbrookes beirt ag maíomh gurb é Peter Turkson (64), Cairdinéal ó Ghana, an mór rogha le teacht i gcomharbacht ar Benedict. Ach tá roinnt eile luaite acu, agus orthu sin an Cairdinéal Marc Ouellet (68), ó Cheanada,  Francis Arinze (80), ón Nigéir,  Odilo Scherer, ón Bhraaíl, agus Leonardo Sandri, Iodalach.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-09-22 03:28:26

Admin/login Comments RSS

ILBF