Palaistíneach marbh i ruathar Iosrael sa Bhruach Thiar

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Don dara uair taobh istigh de mhí tá saighdiúirí Iosraelacha i ndiaidh Palaistíneach a mharú i ruathar ar champa teifeach Jenin ar an Bhruach Thiar. Rinne na céadta saighdiúir ruathar agus dar leo gur ionsaíodh iad le linn an ruathair. Scaoil siad ar scaifte Palaistíneach agus dar leo nuair a tugadh faoi deara go raibh an fear a bhí siad ag iarraidh a ghabháil ag éalú gur scaoil siad é. ‘D’éirigh linn, le scaoileadh piléir, d’éirigh linn é a ghabháil’ ar siad. Fuair sé bás ar ball. Ba é Islam al-Tubasi, 21 bliain d’aois. Mharaigh arm Iosrael a dheartháir sa bhliain 2006. Mí ó shin mharaigh arm Iosrael triúr Palaistíneach sa champa céanna agus iad i mbun ruathair ann.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-22 20:15:43

Admin/login Comments RSS

ILBF