Páistí is clanna á marú go rialta, 77 páiste, 24 bean, 18 pinsinéir

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Maraíodh os cionn scór duine eile, ceathar páiste ó chlann amháin san áireamh, in ionsaithe a rinne arm, aerfhórsa is cabhlach Iosrael ar Gaza inniu. Dar leis na Náisiúin Aontaithe go bhfuil an líon teifeach, atá ar 80,000 agus ag dul in airde, ag fágáil iad sa dóigh is nach dtig leo leabacha a chur ar fáil do teifigh ón lá amárach ar aghaidh. Scriosadh 1,800 teach agus maraíodh 333  duine ar a laghad san ionsaí ar Gaza. 62 duine a maraíodh inniu, ar a laghad, an lá is fuiltí fós. Ar maidin maraíodh ochtar ó chlann Abu Jarad i gceantar Beit Lahiya nuair a bhuamáil arm Iosrael a dteach. Bhí ceathrar páiste ar na mairbh. Maraíodh triúr Iosraelach inniu chomh maith, beirt shaighdiúir a maraíodh nuair a d’éirigh le trodairí Hamas dul isteach in Iosrael tríd tollann. Agus Arabach Iosraelach a maraíodh ag raicéid ó Gaza a thit i Negev. Gortaíodh triúr eile dá chlann san ionsaí. I rith an lae thug ospidéil go leor in Gaza le fios gur ar éigean go dtig leo plé leis an éileamh ar a gcuid seirbhísí anois agus go bhfuil siad iontach buartha faoi na laethanta atá amach romhainn. Ach chuir rialtas Iosrael in iúl go bhfuil siad ag déanamh réidh chun cur lena n-ionsaí ar Gaza.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-08-22 15:54:37

Admin/login Comments RSS

ILBF