Páistí, baill de chlann mór amháin i measc marbh in ionsaí Iosraelach ar scoil NA

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tuairiscítear gur maraíodh suas le 30 duine, teifigh a theith óna dtithe le foscadh a lorg i scoil de chuid na Náisiúin Aontaithe in ionsaí a rinne tancanna nó eitleáin cogaidh Iosrael inniu. I dtrátha a dó a chlog a ionsaíodh an scoil, an dara scoil de chuid na Náisiúin Aontaithe a tháinig faoi ionsaí Iosrael le dhá lá anuas. Deir Chris Guness, ó UNWRA, go raibh eolas beacht tugtha acu maidir le comhordanáidí  na scoile. Maraíodh baill de chlann mór amháin, roinnt páistí san áireamh. Maraíodh beirt pháiste cheana féin inniu nuair a bhuail sliogán airtléire de chuid Iosrael iad. Agus bhí inniu ar na laethanta is fuiltí cheana in Gaza sular ionsaíodh an scoil.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-27 07:42:29

Admin/login Comments RSS

ILBF