Páidí Ó Lionáird ceaptha ina Chathaoirleach ar Bhord na Fondúireachta Choláiste Mhuire gan Smál

nuacht, Nuacht24

Páidí Ó Lionáird ceaptha ina Chathaoirleach ar Bhord na Fondúireachta Choláiste Mhuire gan Smál

D’fhógair Fondúireacht Choláiste Mhuire gan Smál le déanaí gur ceapadh Páidí Ó Lionáird mar Chathaoirleach nua ar Bhord na Fondúireachta. Arsa Páidí, craoltóir aitheanta TG4,

“Tá áthas agus bród orm bheith páirteach in iarrachtaí na Fondúireachta. Tá Coláiste Mhuire Gan Smál an-speisialta agus tá Bord fíor-chumasach ag an bhFondúireacht – Bord lena bhfuilim ag súil go mór bheith ag obair. Is seod i measc na gColáistí tríú leibhéal in Éireann é Coláiste Mhuire Gan Smál agus táim ar tinneall tabhairt faoi na dúshláin a bhaineann lena cur chun cinn agus lena fhorbairt amach anseo. Fearaimíd fáilte roimh chéimithe agus roimh cháirde an Choláiste tacú le saothar na Fondúireachta.

Is cumann carthanachta neamhspleách é an Fondúireacht a bunaíodh in 2005 chun tacaíocht daonchairdiúil agus pairtnéireacht a chur chun tosaigh mar thaca d’fhorbairtí caipitil agus cláir ag an Choláiste.

 

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-17 10:49:43

Admin/login Comments RSS

ILBF