Podcast Oxfam Ireland – Bearna idir Saibhir agus Daibhir ar Domhan ag Méadú

nuacht

Dollar

Tá oiread airgid ag an 85 duine is saibhre ar domhan agus atá ag leathchuid den chine daonna

Labhrann Sorcha Nic Mhathúna ón eagras Oxfam le Dónall Mac Murchaidh (Raidió Fáilte) faoin tuairisc is déanaí le Oxfam maidir leis an bhearna idir saibhir agus daibhir ar domhan.
Tá níos mó airgid ag an 85 duine is saibhre ar an domhan ná mar atá ag an 3.5 billiún duine is boichte ar domhan de réir Oxfam. I ráiteas a d’éisigh siad díreach in am do thús an Fhoram Eacnamaíochta ag Davos cuireann siad in iúl go bhfuil luach €1 trilliún ag an 85 duine is saibhre ar domhan. Agus is ionann sin agus a bhfuil ag an 3.5 billiún is boichte ar domhan. Dar le Oxfam go bhfuil an leatrom seo i gcúrsaí maoine ag cruthú agus ag cur le neamhsheasmhach pholaitiúil agus le teannas sóisialta.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-20 22:32:37

Admin/login Comments RSS

ILBF