Ospidéal El Wafa scriosta, naíonán 5 mí ar na mairbh agus Iosrael ag ionradh Gaza

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir an stiúrthóir ar ospidéal El Waffa, Basman Alashi, go mba éigean dóibh na hothair s’acu a bhí i gcontúirt an bháis dá mbogfaí iad, a thabhairt amach as an ospidéal anocht mar gur scrios ionsaithe Iosraelacha cuid mhór den ospidéal. Dar leis gur tine a thug orthu imeacht ón ospidéal sa deireadh agus gur mhaith leis Iosrael a thabhairt chuig an Cúirt Coiriúil Idirnáisiúnta as a ndearna siad. Bhí 17 othar gan luth na ngeaga acu, seandaoine is mó, san ospidéal ar ionsaigh saighdiúirí Iosrael roinnt uaireanta le laethanta beaga anuas. Tá an ospidéal faoi chóngar don teorann idir Iosrael is Gaza agus bhí arm Iosrael den tuairim go raibh sé ina bhac ar iarrachtaí s’acu chun díriú ar throdairí Hamas.

Dar le tuairscithe ó Gaza go bhfuil beirt dhuine marbh ar a laghad, naíon cúig mhí san áireamh, san ollionsaí a rinne tancanna Iosrael ar Gaza, agus go bhfuil 30 ar a laghad gortaithe. Tharla roinnt caismirtí le trodairí de chuid Hamas meastar ach níl aon tuairisc cruinn ar ar tharla. Tá 18,000 saighdiúirí cúltaca breise ar fáil ag Iosrael, rud a chiallaíonn go bhfuil 60,000 saighdiúir Iosraelach ar fáil don ionradh ar Gaza.

Maraíodh Iosraelach amháin agus 240+ Palaistíneach sa chogaíocht atá ag dul anois le 11 lá.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-28 16:56:00

Admin/login Comments RSS

ILBF