Ollfhórsa de phéas Iosrael in áit in Iarúsailéim roimh thorramh Mohammed Abu Khdeir

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá ollfhórsa de phéas Iosrael in áit in Iarúsailéim Thoir inniu agus torramh
Mohammed Abu Khdeir le bheith ann ar ball. Maraíodh an déagóir nuair a fuadaíodh é ó shráid in aice a thí. Deir péas Iosrael nach eol dóibh go fóill cé a mharaigh é nó cad chuige ach deir Palaistínigh gur áitritheoirí a chéas agus a mharaigh é mar dhíoltais as marú triúr déagóir Iosraelach a fuadaíodh ó taobh amuigh de lonnaíocht Iosraelach ar an Bhruach Thiar. Le dhá lá anuas tá Palaistínigh i mbun ciréibe in Iarúsailéim agus iad ag maíomh nach bhfuil i marú
Mohammed Abu Khdeir ach gné eile den leatrom gan stad a imríonn áitritheoirí agus Iosraelaigh eile orthu. Tá buairt in Iosrael go bhfuil intifada nua ar tí tosú agus cé gur gortaíodh os cionn 100 Palaistíneach i gcaismirtí leis an phéas in Iarúsailéim Thoir bhí idir pholaiteoirí Iosraelacha agus an péas níos srianta ina n-iompar agus ina gcaint faoin scéal seo le roinnt laethanta anuas. Tá arm Iosrael agus grúpaí Palaistíneacha sa Straice Gaza ag scaoileadh sliogáin airtléire is raicéidí ar a chéile le roinnt laethanta ach dúirt Iosrael inné go mbeadh tost ar a dtaobh siúd dá mbeadh tost ar an taobh eile. Deir Hamas go bhfuil siad i bhfách le sos cogaidh ar acht go ngeallann Iosrael gan aer ruathair a dhéanamh ar Gaza.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-28 11:05:54

Admin/login Comments RSS

ILBF