OÍCHE THAIBHSÍOCHTA

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

OÍCHE THAIBHSÍOCHTA

Beidh Glór na nGael ag eagrú sraith oícheanta taibhsíochta do theaghlaigh Ghaeilge ag an Samhain.

 

Ag caint ar a bhfuil beartaithe, dúirt Marcas Mac Ruairí: Is é an teaghlach an t-aonad is tabachtaí le saibhreas na Gaeilge a chinntiú don ghlúnta romhainn.

 

“Tá sé de rún ag Glór na nGael imeachtaí rialta a eagrú amach anseo fud fad na tíre do theaghlaigh le Gaeilge agus teaghlaigh dátheangacha. Más maith le teaghlach ar bith eolas a fháil faoin na himeachtaí seo is féidir leo teagmháil a dhéanamh linn. Tá Glór na nGael is buíoch den tacaíocht a fuair sé ó Ghlór na Mona, Gaeilge Loch Riach agus Comhlacht Forbartha na nDeise in eagrú na n-imeachtaí seo,” ar sé.

 

Tarlóidh an ceithre imeacht scéalaíochta ag an Samhain i mBéal Feirste, Cill Mhantáin, Baile Loch Riach agus Dún Garbháin:

 

  • Caisleán Bheal Feirste, 6.30in Dé Céadaoin 29 Deireadh Fómhair 2014
  • Príosún Chill Mhantáin, 7.30in Dé Céadaoin 29 Deireadh Fómhair
  • Teach Gaeilge Loch Riach, Loch Riach, 6.30in Dé hAoine 31 Deireadh Fómhair
  • Halla Cholmáin sa Sean Phobal, Port Láirge 6.30in Dé hAoine 31 Deireadh Fómhair

 

Chomh maith leis na oícheanta taibhsíochta ag an Samhain, beidh seomra teaghlaigh á eagrú ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Áirne agus deireadh seachtaine imeachtaí ag Ionad Eachtraíochta Chip Iúir i gCill Mhantáin.

 

Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Ghlór na nGael ag +353 86 171 9755 nó ar r.phost ag marcas@glornangael.ie.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-24 13:11:28

Admin/login Comments RSS

ILBF