Níos mó líomhaintí faoi chúléisteacht Mheiriceá ar Merkel

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá Der Spigel agus nuachtáin is irisí éagsúla sa Ghearmáin ag tuairisciú inniu go raibh cúléisteacht ar bun ag Meiriceá ó sheomra ina nAmbasaid i mBeirlín agus go raibh a leithéid d’oibríocht ar bun acu in 80 tír eile. Agus dar leo go raibh cúléisteacht ar Angela Merkel ar bun ag Meiriceá ó 2003 nó mar sin agus in ainneoin Barack Obama cur in iúl nach raibh a fhios aige faoi tá tuairisc ann gur chuir ceannasaí an NSA, Keith Alexander, ar an eolas é faoin chúléisteacht sin in 2010. Níor stopadh é in ainneoin sin dar leis na meáin. Tá an sceitheadh eolais seo ag cur brú ar an chaidreamh idir Meiriceá agus an Ghearmáin agus is léir go mbeidh ar an Ghearmáin gníomhú ar bhealach éigin sna laethanta is seachtainí amach romhainn. Cé nach bhfuil Edward Snowden luaite go díreach leis an líomhaintí nua tá na húdaráis i Meiriceá cinnte de gur ó eolas is foinsí s’aige a tháing na líomhaintí seo agus tá dreim acu le cuid mhór eolais is líomhaintí eile teacht chun tosaigh sna laethanta agus seachtainí amach romhainn.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 12:10:58

Admin/login Comments RSS

ILBF