Níos mó círéibí ann aréir sa Bhrasaíl

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Bhí círéibí, léirsithe síochánta agus trioblóid ann aréir i roinnt cathracha sa Bhrasaíl agus na mílte i mbun agóide faoin ollchaiteachas ar an Chorn Domhanda seachas ar thithíocht don phobal. Is i Sao Paola a bhí cuid mhór de na léirsithe agus mar aon le Brasilia, Rio de Janeiro, Recife agus cathracha is bailte eile. Tá súil as ag lucht agóide go mbeidh léirsithe ann i gcaoga baile is cathair inniu agus iad ag iarraidh a athchruthú an spiorad a bhí ann anuraidh nuair a chuaigh na milliúin duine i mbun agóide le linn don Chorn Confederations a bheith sa tír. Tosóidh an Corn Domhnada ar 12 Meitheamh agus an Bhrasaíl ag imirt i gcoinne na Cróite. Meastar costas $10 billiún a bheith leis an Chorn Domhanda agus is as airgead poiblí a íocfar bunús sin.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-25 17:04:11

Admin/login Comments RSS

ILBF